Luachanna agus cearta, an smacht reachta, an tslándáil
#TheFutureIsYours Cúram a dhéanamh de shaoirsí na saoránach
Cúram a dhéanamh de shaoirsí na saoránach
Cuireann an smacht reachta ar ár gcumas cearta bunúsacha agus luachanna bunúsacha a ráthú, sin agus tacú le timpeallacht ghnó atá fabhrach don infheistíocht. Tá sé ar na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe.
Déanann an tAontas cinnte de go n-urramaítear dlíthe agus tacaíonn sé le comhionannas na saoránach uile. Ciallaíonn sé sin go bhfuil cearta an duine agus cearta íospartach agus leanaí á gcosaint go gníomhach againn, agus go bhfuilimid ag dul i ngleic leis an gciníochas agus leis an idirdhealú ar bhonn creidimh Ciallaíonn sé go gcuirimid an ceartas agus comhionannas inscne chun cinn, mar aon le cearta phobail LADTIA+ agus cearta daoine atá faoi mhíchumas.
Ag an am céanna, is gá dúinn cabhrú chun muintir na hEorpa a chosaint ar ghníomhartha sceimhlitheoireachta agus ar an gcoiriúlacht.
Roghnaigh ceann amháin de na catagóirí seo a leanas chun do mholtaí a dhéanamh.
- Cearta agus luachanna Eorpacha
- Cearta tomhaltóirí
- Slándáil
Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?
Tá bearta nithiúla leagtha amach ag an Aontas Eorpach chun cur lenár gcumas an smacht reachta a chur chun cinn agus a chaomhnú. Déanaimid faireachán ar an smacht reachta i ngach tír de chuid an Aontais agus tá ‘creat nua um an smacht reachta’ glactha againn.
Bíonn an tAontas ag obair de shíor chun dul i ngleic le héagothromaíochtaí san Aontas seo againn, trí Straitéis an Aontais maidir le Comhionannas Inscne mar shampla, trí Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Frithchiníochas nó tríd an Straitéis maidir le Comhionannas LADTIA. Cuireann na gníomhaíochtaí sin leis na cearta frith-idirdhealaithe a bunaíodh leis an gCairt um Chearta Bunúsacha, cearta a choisceann aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail cine, inscne, creideamh, gnéaschlaonadh, míchumas, agus bunadh eitneach nó sóisialta.
Le 50 bliain anuas, tá tacar láidir beartas agus rialacha curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun ardleibhéal cosanta agus cearta láidre a chinntiú do thomhaltóirí. Leis an gClár Oibre Nua do Thomhaltóirí cosnaítear na cearta sin agus déantar tomhaltóirí a chosaint agus a chumasú ag an am céanna.
Le Straitéis nua an Aontais um Aontas Slándála cuirtear ar fáil na huirlisí agus na bearta a chinntíonn an tslándáil sa timpeallacht fhisiciúil agus sa timpeallacht dhigiteach. Seo a leanas na 4 thosaíocht straitéiseacha le haghaidh gníomhaíochta atá sa Straitéis: timpeallacht slándála a sheasfaidh an aimsir, dul i ngleic le bagairtí atá ag athrú, muintir na hEorpa a chosaint ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe, agus éiceachóras slándála láidir.
Roinn: