Oideachas, Cultúr, an Óige agus Spórt
#TheFutureIsYours Oideachas, Cultúr, an Óige agus Spórt san Eoraip
Oideachas, Cultúr, an Óige agus Spórt san Eoraip
Is iad na Ballstáit den chuid is mó atá freagrach as beartais oideachais, chultúir, óige agus spóirt. Mar sin féin, tacaíonn an tAontas lena gcuid gníomhaíochtaí agus cuireann sé leo trí chomhar eatarthu a éascú. Áirítear leis sin tacaíocht airgeadais agus gníomhaíochtaí gaolmhara, amhail clár Erasmus+ le haghaidh soghluaisteacht thrasnáisiúnta agus an clár Eoraip na Cruthaitheachta a thacaíonn le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.
Roghnaigh ceann amháin de na catagóirí seo a leanas chun do mholtaí a dhéanamh.
- Oideachas
- Cultúr
- An óige
- Spórt
Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?
Tacaíonn an tAontas leis na hiarrachtaí chun an t-oideachas agus an oiliúint is fearr is féidir a chur ar fáil. Cuireann sé an t-ilteangachas chun cinn san Eoraip, spreagann sé soghluaisteacht mac léinn, oiliúnaithe, múinteoirí agus daoine óga, agus éascaíonn sé malartú faisnéise agus taithí.
Déanann an tAontas a oidhreacht chultúrtha, agus a éagsúlacht chultúrtha agus teanga, a choimirciú agus a chur chun cinn agus tacaíonn sé le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, an closamhairc san áireamh.
Chun tuilleadh deiseanna a thabhairt do dhaoine óga san oideachas agus sa mhargadh post, agus chun a chinntiú gur féidir leo páirt iomlán a ghlacadh i ngach réimse den tsochaí, tá gníomhaíochtaí éagsúla forbartha ag an Aontas, trí idirphlé le hEorpaigh óga agus trí chlár Erasmus+ agus tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
Cuireann an tAontas an spórt chun cinn san Eoraip trí thionscnaimh éagsúla, amhail Seachtain Eorpach an Spóirt agus na #BeActive awards.
Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo?
Oideachas & Óige
- Oideachas (an Coimisiún Eorpach)
- Erasmus+
- Erasmus+:an méid atá á dhéanamh ag Parlaimint na hEorpa
- Tairseach Eorpach na hÓige
- Cruinniú Eorpach um an Óige (EYE): Imeacht de chuid Pharlaimint na hEorpa do dhaoine óga
Cultúr
Spórt
Roinn: