An daonlathas Eorpach
#TheFutureIsYours An daonlathas Eorpach a neartú
An daonlathas Eorpach a neartú
Cuireann tú leis an daonlathas Eorpach trí do thuairimí a nochtadh, is é sin trí pháirt a ghlacadh sna toghcháin Eorpacha, nuair a thoghann saoránaigh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa go díreach gach cúig bliana, agus lasmuigh de na tréimhsí toghcháin freisin. Eagraíodh na toghcháin Eorpacha dheireanacha in 2019 agus chaith an líon ba mhó daoine le 20 bliain vóta iontu, níos mó ná 200 milliún duine. Tháinig ardú mór ar líon na vótálaithe óga chomh maith.
Ag an am céanna, tá dúshláin le sárú ag an daonlathas san Aontas agus sna Ballstáit, cuir i gcás an méadú ar an antoisceachas, an bhréagaisnéis agus an deighilt a mheastar a bheith idir na daoine agus a n-ionadaithe tofa.
Roghnaigh ceann amháin de na catagóirí seo a leanas chun do mholtaí a dhéanamh.
- Cloisimis uait faoi bheartais an Aontais Eorpaigh
- Ár ndaonlathais a chosaint
- Na meáin
- Bréagaisnéis
Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?
Sainchomhartha daonlathas sláintiúil is ea rátaí arda rannpháirtíochta agus leanfaimid de shaoránaigh a chur ar an eolas faoi bheartais an Aontais Eorpaigh agus a spreagadh chun vóta a chaitheamh.
Is mian le daoine a bheith níos rannpháirtí sa dóigh a ndéantar cinntí agus beartais a mhúnlú ar an leibhéal Eorpach, agus ní in aimsir na dtoghchán amháin. Is é sin is cuspóir don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá roinnt tionscnaimh eile de chuid an Aontais ann freisin a chothaíonn rannpháirtíocht an phobail, cuir i gcás an Comhphlé leis na Saoránaigh, an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus achainíocha a chuirtear chuig Parlaimint na hEorpa.
Tá an t-antoisceachas agus an bhréagnuacht ag dul i méid, mar sin tá Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach glactha againn chun daonlathais na hEorpa a dhéanamh níos athléimní. Leis an bplean cuirfear chun cinn toghcháin oscailte chothroma, caomhnófar saoirse na meán agus cuirfear dlús leis an gcomhrac in aghaidh na bréagaisnéis
Roinn: