Téarmaí agus Coinníollacha
Is féidir rochtain a fháil ar an suíomh tríd an url seo a leanas: FuturEU.europa.eu, agus reáchtáiltear é i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. Tá úsáid an tsuímh seo faoi réir na gcoinníollacha ginearálta atá ann faoi láthair. Trí úsáid a bhaint as an suíomh, admhaíonn tú gur léigh tú na coinníollacha seo agus go nglacann tú leo. Féadfaidh an Foilsitheoir na coinníollacha sin a mhodhnú aon tráth gan fógra a thabhairt, agus ní féidir freagracht a chur air ar aon bhealach as mí-úsáid na seirbhíse.
AIRTEAGAL 1 – SAINMHÍNITHE
Chun Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta Úsáide an Ardáin a léirmhíniú, sainmhínítear na téarmaí a úsáidtear ina dhiaidh seo, san iolra nó san uatha, mar seo a leanas:
- Rannpháirtí: aon duine a bhfuil “Cuntas” cruthaithe aige, a dhéanann logáil isteach sa chuntas sin trí úsáid a bhaint as ainm úsáideora agus pasfhocal atá go hiomlán pearsanta agus faoi rún, duine a úsáideann an tArdán chun smaoineamh a fhoilsiú, chun tacú le smaoineamh nó chun trácht a dhéanamh air, nó chun imeacht a chlárú agus a thuairisciú.
- Ábhar: aon smaoineamh a scríobhann Rannpháirtí atá faoi réir modhnaithe taobh istigh de thréimhse 30 nóiméad, nó aon trácht a scríobhtar maidir le smaoineamh, nó aon imeacht a chláraítear nó aon tuairisc a dhéantar.
- Ardán na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa: an tArdán ar líne atá inrochtana ag cách agus lena mbailítear smaointe agus tuarascálacha na Rannpháirtithe agus an Fhoilsitheora.
- Inneachar: aon inneachar a fhoilsíonn Rannpháirtí ar an Ardán agus go háirithe aon smaoineamh nó aon trácht a scríobhtar maidir le smaoineamh, chomh maith le himeachtaí a thuairisciú.
- Cuntas: spás pearsanta an Rannpháirtí ar shuíomh gréasáin FuturEU.europa.eu lenar féidir leis aon inneachar sonrach a rochtain agus cur le hInneachar a chruthú ar an Ardán.
- Ardán: an uirlis dhí-ábharaithe, atá inrochtana ag cách tríd an idirlíon agus trínar féidir le hÚsáideoir a bheith rannpháirteach trína “Chuntas”.
- Cuairteoir: aon duine ag a bhfuil rochtain ar an Ardán nó a úsáideann an tArdán nach bhfuil “Cuntas” cruthaithe aige.
AIRTEAGAL 2 – CUSPÓIR
Is é is cuspóir do na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta Úsáidte atá ann faoi láthair téarmaí agus coinníollacha úsáide an Ardáin Rannpháirtíochta atá molta ag an bhFoilsitheoir agus inrochtana ag cách a shainiú.
Iarrtar ar na rannpháirtithe páirt a ghlacadh ar na bealaí seo a leanas:
- Sampla 1: Trína dtuairimí a chur in iúl maidir le smaointe a foilsíodh ar an Ardán, trí thacú leo nó trí thrácht a scríobh maidir leo.
- Sampla 2: Trína dtograí a roinnt chun an tionscadal ar fad a fheabhsú lena dtaithí agus lena smaointe.
- Sampla 3: Trí imeacht atá á reáchtáil acu a chlárú ann agus tuairisc a thabhairt air ina dhiaidh sin.
AIRTEAGAL 3 - RAON FEIDHME
Tá feidhm ag Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide an Ardáin, gan srian ná forchoimeádas, maidir le gach seirbhís a thairgtear ar an Ardán.
I gcás inarb infheidhme, tá Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide an Ardáin sa bhreis ar na coinníollacha speisialta is infheidhme maidir le seirbhísí áirithe a thairgtear sna rannáin éagsúla den Suíomh.
Tháinig Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide an Ardáin i bhfeidhm nuair a foilsíodh ar an Suíomh iad agus leanfaidh feidhm de bheith acu go dtí go ndéanfaidh an Foilsitheoir iad a mhodhnú go páirteach nó go hiomlán.
AIRTEAGAL 4 - MODHNÓIREACHT INNEACHAIR
Tá sé de fhreagracht ar na Rannpháirtithe a chinntiú nach sáraíonn a nInneachar cearta agus saoirsí daoine eile agus go gcomhlíonann sé na rialacháin atá i bhfeidhm.
Foilsiú Inneachair a chuireann Rannpháirtithe ar fáil, tá sin faoi réir modhnóireacht a posteriori ag an bhFoilsitheoir, a fhorchoimeádann an ceart chun aon Inneachar a cheilt más rud é nach gcomhlíonann sé dlíthe agus rialacháin, na Téarmaí agus Coinníollacha seo nó Cairt na Comhdhála.
Iarrtar ar an Rannpháirtí agus ar an gCuairteoir a thuairisciú don Fhoilsitheoir aon Inneachar a thagann salach ar na prionsabail agus na luachanna a liostaítear thuas agus i gCairt na Comhdhála, trí na naisc thuairiscithe atá ar an Suíomh nó trí chomhrá a thosú lenár bhfoireann modhnóireachta.
AIRTEAGAL 5 - DLITEANAS AN FHOILSITHEORA A THEORANNÚ
Tá an fhaisnéis atá ar an suíomh seo chomh cruinn agus is féidir agus déantar an suíomh seo a nuashonrú go tráthrialta, ach d’fhéadfadh ábhar míchruinn, easnaimh nó bearnaí a bheith ann. Má thugann tú faoi deara gurb ann do bhearna, earráid nó aon rud a bhfuil an chuma air gur mífheidhm é, déan é a thuairisciú lenár bhfoireann modhnóireachta le do thoil agus déan cur síos chomh cruinn agus is féidir ar an bhfadhb (an leathanach ar a bhfuil an fhadhb, an gníomh a spreag an fhadhb, an cineál ríomhaire, an brabhsálaí srl.).
Is ar a riosca féin a dhéanann an t-úsáideoir aon inneachar a íoslódáil agus is faoina fhreagracht amháin atá sé. Dá réir sin, ní bheidh an foilsitheoir freagrach as aon damáiste do ríomhaire an úsáideora nó as aon chaillteanas sonraí a tharlódh mar thoradh ar íoslódáil a dhéanamh.
Naisc hipirtéacs a shocraítear laistigh de chreat an tsuímh gréasáin seo chuig acmhainní eile ar an idirlíon, ní faoi fhreagracht an Fhoilsitheora atá siad.
Féach freisin Séanadh an tsuímh gréasáin.
AIRTEAGAL 6 - CEART ROCHTANA AGUS RÚNDACHTA
Féach an ráiteas maidir le beartas príobháideachais sonrach an tsuímh.
- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
- Parlaimint na hEorpa
- An Chomhairle Eorpach
- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- An Coimisiún Eorpach
- Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
- an Banc Ceannais Eorpach (BCE)
- Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
- An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)
- Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)
- European Committee of the Regions (CoR)
- An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)
- An tOmbudsman Eorpach
- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
- An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
- An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
- Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
- Gníomhaireachtaí