Ráiteas Príobháideachais
DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT
Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar faisnéis faoin gcaoi a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.
An oibríocht phróiseála: Ardán Digiteach lena dtacaítear leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
An Rialaitheoir Sonraí: An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Aonad COMM.C.3
Tagairt taifid: DPR-EC-07366
1) Réamhrá
Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear na fáthanna a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an chaoi a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Baineann an ráiteas príobháideachais seo le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún le linn dó a bheith ag bainistiú an Ardáin Dhigitigh lena dtacaítear leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (ardán COFE) atá á oibriú ag an gCoimisiún, Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Aonad COMM.C.3 agus ag na haonaid atá freagrach as déileáil le gníomhaíochtaí próiseála a bhaineann leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa i seirbhís nó roinn inniúil an Choimisiúin.
2) Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
Is é is cuspóir na hoibríochta próiseála éascaíocht a dhéanamh ar oibriú agus bainistiú an ardáin dhigitigh lena dtacaítear leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (ardán COFE). Is comhthionscnamh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach é an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, lena dtabharfar le chéile na páirtithe leasmhara ó gach cearn den Eoraip chun díospóireacht a dhéanamh ar na treonna a rachaidh beartais an Aontais amach anseo.
Go sonrach, is gá sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ar mhaithe leis na nithe seo a leanas:
- an nós imeachta clárúcháin agus rochtain ar ardán COFE a éascú;
- faisnéis ábhartha a chur ar fáil do rannpháirtithe i dtaca leis na himeachtaí atá beartaithe agus chun rannpháirtíocht a éascú sna himeachtaí atá beartaithe ar líne laistigh den chreat maidir leis an gcomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa;
- gníomhaíochtaí cumarsáide amhail ríomhphoist agus cuirí a sheoladh (lena n-áirítear liostaí teagmhála a bhainistiú mar mhaithe le comhfhreagras);
- torthaí na ndíospóireachtaí a bhailiú le chéile in aon áit amháin;
- doiciméid a mhalartú maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus faisnéis a chomhroinnt le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais (Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle) chun críocha cumarsáide agus pleanála, forléargas inmheánach ar imeachtaí, imeachtaí a bheidh amach anseo a chur in iúl, agus staidrimh;
- an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a dhoiciméadú, agus tuairiscí, fógraí, imeachtaí agus nuacht a fhoilsiú;
- taifeadtaí fís agus fuaime de chainteoirí, rannpháirtithe agus eagraithe, a fhéadfar a fhoilsiú ar ardán COFE/ar an idirlíon/ar an inlíon i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí a eagraíodh laistigh de chreat na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa;
- críocha staitistiúla agus anailíseacha;
- feidhmiú slán agus cothabháil shlán ardán COFE.
Is comhéadan idirghníomhach úsáideora gréasáin é ardán COFE (https://futureu.europa.eu/) lena ndéantar comhlánú ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa trí chur ar a gcumas do shaoránaigh agus eagraíochtaí páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí na comhdhála ar líne (e.g. clárú le haghaidh imeachtaí, faisnéis faoin gcomhdháil a roinnt (cláir oibre, tuarascálacha etc.), smaointí a chur isteach agus iad a phlé agus tacú le hábhair ó úsáideoirí eile agus nótaí tráchta a fhágáil orthu). Tá ardán COFE saor in aisce agus ar fáil go poiblí. Gach úsáideoir, má tá sé cláraithe nó mura bhfuil, is féidir leis rochtain a fháil ar ardán COFE agus brabhsáil air (tá gá le seoladh IP agus/nó ríomhaitheantas an ghléis chun brabhsáil tríd an suíomh gréasáin). Is gá clárú roimh ré chun páirt a ghlacadh sa phlé ar an ardán.
An t-ábhar atá ar fáil ar ardán COFE, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh córas uathoibríoch é a phróiseáil chun anailís a dhéanamh air, chun cuidiú le hanailísithe tuiscint a bhaint as méideanna móra ionchuir téacs, agus le cuidiú chun bréagaisnéis fhéideartha agus cineálacha eile ionramhála ar an bplé a bhrath. I gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, bainfear úsáid as an uirlis anailísithe ábhair chun:
- cuidiú le hanailísithe daonna tuiscint a bhaint as an ábhar a chuirtear ar COFE (cuir i gcás trí bhéim a leagan ar ábhair atá ag teacht chun cinn, ionchur a eagrú i gcatagóirí, tuiscint a bhaint as na mothúcháin agus na luachanna a chuirtear in iúl sa téacs) chun tacú le torthaí cuardaigh a ghiniúint maidir le beartas agus tuairimí chomh maith le staidrimh a tháirgeadh;
- ábhar a postáladh ar ardán COFE a d’fhéadfadh a bheith achrannach a bhrath agus béim a leagan air (lena n-áirítear mífhaisnéis fhéideartha agus iarrachtaí eile chun plé COFE agus tuairimí poiblí a ionramháil, chomh maith le taighde ar an bhfuathchaint agus ar an antoisceachas foréigneach a bhrath);
- oiliúint agus feabhas a chur ar fheidhmíocht an chórais anailísithe ábhair a úsáidtear chun dearcadh, mothúchán, mífhaisnéis fhéideartha agus tréithe eile an téacs a rangú, lena n-áirítear taighde ar eolas a bhaint as méideanna móra téacs ina lán teangacha.
Ní dhéanfaidh an córas anailísithe ábhair meastóireacht ach ar an ábhar a chuirfear isteach trí ardán COFE. Áireofar leis sin freagraí le hainmneacha bréige ar an gceistneoir sochdhéimeagrafach agus ar ábhar eile (postálacha, tráchtaireachtaí, formhuinithe, léirithe ‘is maith liom’, vótaí) a chuirtear ar an ardán (meiteashonraí gaolmhara san áireamh, cuir i gcás an t-am a cuireadh an t-ionchur isteach). Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbaileoidh an córas na sonraí pearsanta is gá don chlárú ar aon bhealach (e.g. ainm, sloinne, seoladh ríomhphoist) ach amháin má deirtear sin go sonrach sna tráchtaireachtaí, postálacha agus ábhair phoiblí eile a chuireann na húsáideoirí féin isteach. Sannfar aitheantóir uathúil do gach úsáideoir chun an fhéidearthacht go n-aithneofar an duine is ábhar do na sonraí a chosc.
3) Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:
1- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais (Airteagal 5(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/1725)
Is gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun oibriú agus bainistiú ardán COFE a éascú.
I gcomhréir le cuspóir ginearálta Airteagal 11(1) CAE chun mórchleachtas daonlathach uile-Eorpach a chothú agus chun na saoránaigh a thabhairt níos gaire don Aontas, mar aon leis na hoibleagáidí maidir le hoscailteacht, trédhearcacht agus inrochtaineacht a leagtar síos in Airteagal 15 CFAE.
Is ceann de chuspóirí an Choimisiúin é an daonlathas Eorpach a chur chun cinn agus an deis a thabhairt do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíochta a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais. Go sonrach, tá an fhéidearthacht ag an idirphlé sibhialta cothrománach samhail Eorpach an daonlathais a leathnú agus a neartú trí dhíospóireacht ilteangach dhaonlathach a chothú agus trí rannchuidiú le rannpháirtíocht na saoránach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, chomh maith le feiceálacht rannchuidiú an Aontais a mhéadú ó thaobh na saoránach de.
Is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach go háirithe trí ardáin dhigiteacha lena gcumasaítear malartú cothrománach agus rannpháirtíocht na saoránach i ngníomhaíochtaí daonlathacha agus polaitiúla an Aontais. Maidir le hardán COFE, is ardán é ar ar féidir le saoránaigh a smaointí a roinnt le chéile agus aighneachtaí a sheoladh isteach ar líne, agus feidhmeoidh sé mar mhol le haghaidh ghníomhaíochtaí uile COFE mar aon le fóram nua poiblí le haghaidh páirtithe leasmhara éagsúla, rud atá oiriúnach chun moltaí a chomhroinnt i dtaca le saoránaigh agus an tsochaí shibhialta. Spás atá ann chun luachanna, prionsabail agus cuspóirí an tionscadail Eorpaigh a shainaithint, machnamh a dhéanamh orthu agus iad a fhorbairt, réimse poiblí Eorpach a chruthú trí chuidiú chun an bhearna a líonadh idir lucht ceaptha beartas agus na saoránaigh, sin agus leas a bhaint as an acmhainneacht le haghaidh rannpháirtíocht fhóinteach na saoránach.
Fógraíodh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa i measc na dtosaíochtaí polaitiúla a leag Uachtarán an Choimisiúin amach ina Treoirlínte Polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2019-2024 (https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/political-guidelines-next-commission_ga.pdf) agus a sainmhíníodh a thuilleadh sa Teachtaireacht ina dhiaidh ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a Mhúnlú (COM(2020) 27 final) i mí Eanáir 2020. Is ardán í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a bhunófar ar bhonn an chomhair le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh, mar a léirítear sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 agus seasamh 9102/20 ón gComhairle a comhaontaíodh an 24 Meitheamh 2020.
Ar deireadh, gníomhaíochtaí cumarsáide atá nasctha le tosaíochtaí cumarsáide sonracha bliantúla nó ilbhliantúla de réir Aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh ó Uachtarán an Choimisiúin, meastar gur cúraimí iad atá mar thoradh ar shainchumais an Choimisiúin ar an leibhéal institiúideach, mar a fhoráiltear in Airteagal 58(2) (d) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1)
2- tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta a phróiseáil chun chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha (Airteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725)
Tá gá le toiliú ón ábhar sonraí le haghaidh gníomhaíochtaí próiseála ar leith. I gcomhréir le hAirteagal 3(15) agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1725, ní mór an toiliú a thabhairt faoi shaoirse agus é a bheith sonrach, feasach agus soiléir.
Tá gá le do thoiliú ar na fáthanna seo a leanas:
- clárúchán agus rochtain ar ardán COFE
- páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar líne na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (e.g. ábhair a chur isteach ar ardán COFE).
Is go díreach uait féin le linn an chlárúcháin ar ardán COFE a fuaireamar do thoiliú.
4) Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?
Ag brath ar na himthosca agus ar do ghníomhaíochtaí ar an ardán, d’fhéadfadh an Rialaitheoir Sonraí na catagóirí sonraí seo a leanas a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh:
1- Na sonraí a bhailítear ó na húsáideoirí go léir (cláraithe nó neamhchláraithe): aitheantóirí ar líne (seoladh IP agus aitheantóir an ghléis), a bhailítear ar chúiseanna slándála amháin.
Nuair a théann tú go dtí suíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin, faigheann an Coimisiún, mar cheanglas teicniúil fíor-riachtanach, seoladh IP agus/nó aitheantóir an ghléis a úsáideadh chun an suíomh gréasáin a rochtain.
Gan an phróiseáil sin, ní bheidh tú in ann nasc teicniúil a dhéanamh idir do ghléasanna agus bonneagar fhreastalaí an Choimisiúin Eorpaigh, agus dá bhrí sin ní bheidh tú in ann suíomhanna gréasáin an Choimisiúin a rochtain. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an taifead ar shonraí pearsanta a phróiseáil laistigh d’fhearann europa.eu, DPR-EC-00083.
2- Na sonraí a bhailítear ó na húsáideoirí go léir atá cláraithe:
Éigeantach
- ainm (céadainm agus sloinne)
- leasainm
- seoladh ríomhphoist
Roghnach
Na sonraí pearsanta is gá chun críocha staidrimh agus tuairiscithe, cuir i gcás
- inscne
- náisiúntacht
- aoisghrúpa
- tír chónaithe
- gairm
- cúlra oideachasúil agus gairmiúil
- an t-uirbiú suibiachtúil (ceantar tuaithe/uirbeach)
3- Ábhar a fhoilsíonn an t-úsáideoir cláraithe (is féidir le húsáideoirí cláraithe an ardáin in aon chás faisnéis bhreise a chur ar fáil agus féadfaidh sonraí pearsanta a bheith mar chuid den ábhar sin):
- tuairimí agus aighneacht/aighneachtaí eile* a cuireadh isteach ar ardán COFE
- rannpháirtíocht, freastal agus dearcadh (e.g. an líon ‘is maith liom’ ar mholtaí beartas, tráchtaireachtaí nó ábhair rannpháirtithe eile)
4- Na catagóirí sonraí a phróiseáiltear trí fheidhmchlár EU Login (IAMS), tugtar cur síos orthu i dtaifead DIGIT (DRP-EC-03187)
* Chun críocha na hoibríochta próiseála sin, i measc na n-ábhar tá aon tuairim, tráchtaireacht, tuairim nó postáil a chuir úsáideoirí ardán COFE isteach le linn a ngníomhaíochtaí a thagann faoi chuimsiú chreat na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.
I ngeall ar an leochaileacht a d'fhéadfadh a bheith ag baint le do shonraí, moltar duit a bheith airdeallach agus tú ag cur ábhar isteach ar ardán COFE.
Tabhair faoi deara nach n-iarrann ná nach bhfuil an Coimisiún ag súil leis go gcuirfidh rannpháirtithe na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa san áireamh (i) catagóirí speisialta sonraí faoi Airteagal 10(1) de Rialachán 2018/1725 (is é sin ‘sonraí pearsanta lena nochtar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fhealsúnacha, nó ballraíocht i gceardchumann agus próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun críocha duine nádúrtha a shainaithint, sonraí a bhaineann le sláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine’). Mar sin féin, i ngeall ar nádúr na Comhdhála, d'fhéadfadh an t-ábhar a chuireann tú isteach trí ardán COFE aghaidh a thabhairt ar ábhair agus topaicí lena nochtfar go díreach nó go hindíreach faisnéis a bhaineann le do shláinte, creidimh pholaitiúla, fhealsúnacha nó reiligiúnacha, saol gnéis nó claonadh gnéis, bunadh ciníoch nó eitneach nó ballraíocht i gceardchumann go fiú. Is é an rannpháirtí féin atá freagrach as aon chineál sonraí pearsanta den sórt sin a chur ar fáil.
Sa chás sin, ní bheidh cosc ar an bpróiseáil i ngeall go dtugtar na hábhair ar bhonn deonach agus go ndéantar do shonraí a phróiseáil ar bhonn do thoilithe shainráite agus go bhfuil gá leis ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais (Roinn 3.1) atá comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, a urramaíonn éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus lena ndéantar foráil maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun do chearta bunúsacha agus do leasanna a choimirciú i gcomhréir le hAirteagail 10(2) (a) agus (e) de Rialachán (AE) 2018/1725.
5) Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
Ní choinníonn an Rialaitheoir Sonraí do shonraí pearsanta ach amháin chomh fada is gá chun cuspóir a mbailithe a chomhlíonadh, is é sin go dtí go ndíliostálann tú ón liosta seolta.
1- Na sonraí pearsanta is gá chun ardán COFE a oibriú agus a bhainistiú
Do shonraí pearsanta a bhaileofar chun críocha an chláraithe agus a chuirfear isteach le linn na Comhdhála, coinneofar iad ar feadh uastréimhse 2 (dhá) bhliain tar éis an lae dheireanaigh de ghníomhaíocht na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, agus ina dhiaidh sin aistreofar na sonraí chuig cartlann stairiúil an Choimisiúin.
2- Tuarascálacha, taifid ar pháipéar agus taifid leictreonacha, taifid ARES a choimeádann DG COMM san áireamh
Gach taifead ar pháipéar agus gach taifead leictreonach a bhaineann le comhfhreagras ó lá go lá, glaonna ar thograí agus/nó ar léiriú spéise mar aon leis na comhaid chonarthacha/airgeadais lena mbaineann, chomh maith le tuarascálacha a bhfuil sonraí comhiomlánaithe iontu, cuirfear sa chartlann iad de réir Liosta Coinneála Choitinn ar Leibhéal an Choimisiúin (SEC(2019)900/2) agus déanfar iad a stóráil in ARES (Ardchóras Taifead) faoi fhreagracht na hArdrúnaíochta ar feadh tréimhse deich (10) mbliana agus teicnící roghnúcháin agus samplála á gcur chun feidhme (féach taifead DPR-EC-3871 – Bainistíocht chartlanna an Choimisiúin Eorpaigh).
6) Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?
Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh agus ar fhreastalaithe a chonraitheoirí. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach.
Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le haon oibríochtaí próiseála a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (RGCS).
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar shonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.
7) Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do phearsanra údaraithe an Choimisiúin Eorpaigh agus do na conraitheoirí sna hinstitiúidí sin atá freagrach as an oibríocht phróiseála seo a fheidhmiú de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.
Baill foirne a bhfuil sainordú acu de chuid sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh ag a bhfuil baint leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, tá rochtain acu ar shonraí pearsanta a bhailítear trí ardán COFE ar mhaithe le hoibriú an ardáin agus an bainistiú is fearr a dhéanamh ar an gComhdháil agus chun gníomhaíochtaí leantacha a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun críocha tuilleadh próiseála (e.g. chun tuarascálacha Comhdhála a chur le chéile, chun taighde a dhéanamh ar anailís ar thuairimí an phobail agus chun anailís agus cartlannú a dhéanamh). D’fhéadfadh na sonraí seo a leanas a bheith san áireamh: sonraí clárúcháin, aitheantóirí ar líne, sonraí sochdhéimeagrafacha agus gach ábhar a cuireadh isteach le linn na Comhdhála. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara áfach nach bhfuil rochtain ar na sonraí ach amháin ‘ar bhonn riachtanais eolais’, go sonrach:
- Beidh rochtain ag foireann TF an Choimisiúin ar na sonraí atá fíor-riachtanach chun tacaíocht theicniúil agus lóistíochta iomchuí a chur ar fáil (e.g. an deasc chabhrach, cearta rochtana a bhainistiú, cothabháil a dhéanamh ar an ardán).
- Beidh rochtain ag modhnóirí agus úsáideoirí riarthóra ar an ainm iomlán agus ar an seoladh ríomhphoist a cuireadh ar fáil tráth an chlárúcháin.
- Sonraí sochdhéimeagrafacha, a bhfuil ainm bréige leo agus a chuireann úsáideoirí ar fáil, beidh fáil orthu ag baill foirne JRC a bhfuil sainordú acu chun taighde agus anailís a dhéanamh ar thuairimí, agus chun na críche sin amháin.
Baill foirne de chuid phróiseálaithe an Choimisiúin a bhfuil sainordú acu (conraitheoirí seachtracha san áireamh), d’fhéadfaí na sonraí is ábhartha dóibh a chur ar fáil dóibh chun go mbeidh siad in ann an tacaíocht lóistíochtúil agus eagraíochtúil is gá a chur ar fáil (e.g. cothabháil theicniúil an ardáin) agus chun oibleagáidí eile a chomhlíonadh faoi mar a leagtar amach sna socruithe idir na próiseálaithe seachtracha agus an Coimisiún. D’fhéadfadh na sonraí seo a leanas a bheith san áireamh: sonraí clárúcháin, aitheantóirí ar líne, agus gach ábhar a cuireadh isteach le linn na Comhdhála.
Beidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar an bhfaisnéis a thaispeántar ar ardán COFE atá ar fáil go poiblí.
Tabhair do d'aire, de bhun Airteagal 3(13) de Rialachán (AE) 2018/1725, nach measfar gur faighteoirí iad údaráis phoiblí (e.g. an Chúirt Iniúchóirí, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh) a d’fhéadfadh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí Ballstáit. Comhlíonfaidh an tuilleadh próiseála a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil.
Ní thabharfar an fhaisnéis a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá nó chun na críocha is gá chun an dlí a chomhlíonadh.
8) Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725. A mhéid a bhaineann leis an oibríocht phróiseála, is féidir leat na cearta seo a leanas a fheidhmiú:
- an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain (Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- an ceart go ndéanfaí ceartúchán i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán (Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- an ceart go ndéanfaí léirscriosadh ar do shonraí pearsanta (Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- i gcás inarb infheidhme, an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta (Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- an ceart chun iniomparthachta sonraí (Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1725);
- agus an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).
Má thug tú do thoiliú d’Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Aonad COMM.C.3 le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha, is féidir leat é a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don rialaitheoir sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá na sonraí teagmhála le fáil faoi Roinn 9.
I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. tagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Roinn 10) i d'iarratas.
9) Sonraí teagmhála
An Rialaitheoir Sonraí
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, Ard-Stiúrthóireacht Cumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh, Aonad COMM.C.3 (COMM-DGA1-COFE@ec.europa.eu).
Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin
Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.
10) Tuilleadh eolais
Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register
Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-07366
- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
- Parlaimint na hEorpa
- An Chomhairle Eorpach
- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- An Coimisiún Eorpach
- Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
- an Banc Ceannais Eorpach (BCE)
- Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
- An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)
- Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)
- European Committee of the Regions (CoR)
- An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)
- An tOmbudsman Eorpach
- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
- An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
- An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
- Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
- Gníomhaireachtaí