Ceisteanna Coitianta
Ceisteanna Ginearálta
Conas is féidir liom páirt a ghlacadh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa?
Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh sa Chomhdháil trí smaointe a chruthú ar an ardán seo, trí thrácht a dhéanamh ar smaointe daoine eile nó trí thacú leo. Is féidir leat imeachtaí a eagrú nó páirt a ghlacadh in imeachtaí freisin.
Conas is féidir clárú chun páirt a ghlacadh?
Ní mór duit logáil isteach ar an ardán chun páirt a ghlacadh. Ionas gur féidir leat logáil isteach, ní mór duit EU Login a chruthú, mura bhfuil ceann agat cheana. Téigh chuig suíomh gréasáin ECAS chun é sin a dhéanamh (~ 3 nóiméad). Nuair a bheidh EU Login agat, cliceáil ar an gcnaipe “logáil isteach” ar ardán COFE. Líon isteach na réimsí le do sheoladh ríomhphoist agus do phasfhocal. A luaithe a bheidh tú logáilte isteach ar an ardán, beidh roinnt ceisteanna gearra fút féin le freagairt agat – mar shampla, cén tír arb as thú, cén aois thú agus cén cúlra atá agat.
Agus tú logáilte isteach ansin is féidir leat do Phróifíl Phoiblí a sheiceáil. Is poiblí atá an t-ainm agus an leasainm/an t-ainm bréige a chuirtear isteach sna réimsí sin agus beidh siad le feiceáil ar do phróifíl phoiblí agus in aice le do chuid tograí, tráchtanna agus má thacaíonn tú le haon ní ar an ardán:
- Más mian leat a bheith rannpháirteach thar ceann eagraíochta (e.g. comhlachas, cuideachta, etc.), is féidir leat ainm na heagraíochta a líonadh isteach sa réimse ainm.
Is príobháideach a bheidh do sheoladh ríomhphoist. Sular féidir leat a bheith rannpháirteach, ní mór duit do sheoladh ríomhphoist a bhailíochtú trí chliceáil ar an nasc sa ríomhphost a sheolfar chugat tar éis duit clárú; mura bhfaigheann tú ríomhphost deimhniúcháin ón Ardán, déan do dhramhphost a sheiceáil. Ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil linn má bhíonn aon deacracht agat clárú.
Níl le déanamh agat ach logáil isteach tríd an nasc logáil isteach ag barr an Ardáin ar dheis.
Conas a dhéanfar anailís ar na postálacha?
An t-ionchur a chuireann saoránaigh ar fáil mar phostálacha scríofa agus ag na himeachtaí ar líne, déanfar anailís air le huirlisí digiteacha, mianadóireacht sonraí agus anailís dhaonna. Ullmhófar tuarascálacha agus cuirfear iad san áireamh i bpainéil na saoránach Eorpach agus i Seisiún Iomlánach na Comhdhála. Beidh na tuarascálacha sin ar fáil ar an ardán féin freisin.
Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin na conclúidí ó Sheisiún Iomlánach na Comhdhála le chéile agus foilseoidh sé iad. Ansin cuirfidh an Bord toradh deiridh na Comhdhála i láthair i dtuarascáil chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Scrúdóidh na trí institiúid go tapa conas is féidir obair leantach éifeachtach a dhéanamh i ndáil leis an tuarascáil sin, laistigh dá réimse inniúlachtaí féin agus i gcomhréir leis na Conarthaí.
Cá fhad a bheidh an t-ardán ar oscailt le go mbeifear in ann smaoineamh a chur isteach?
Ba cheart go dtiocfadh an Chomhdháil ar chonclúidí faoi Earrach 2022, chun treoir a chur ar fáil do na trí institiúid maidir le todhchaí na hEorpa. Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, go mbeidh an t-ardán ar oscailt go dtí Earrach 2022.
Cén fáth nach bhfuil ach deich n-ábhar ann?
Ba cheart na deich n-ábhar a thuiscint mar chreat leathan faoinar féidir a lán smaointe agus imeachtaí éagsúla a aicmiú. Má bhraitheann tú nach bhfuil do smaoineamh nó d’imeacht oiriúnach faoi cheann de na naoi n-ábhar nithiúla a mholtar, ná bíodh leisce ort é a chur sa rannán ‘smaointe eile’ ar an ardán. Tá an rannán sin ann le haghaidh smaointe agus imeachtaí trasearnála, nó le haghaidh ábhair eile seachas iad siúd atá liostaithe ar an ardán.
Conas dul i dteagmháil le héascaitheoirí an tsuímh
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn aon deacracht agat.
Postálacha a scríobh ar an ardán digiteach
Teangacha agus eTranslation
Cé na teangacha is féidir liom a úsáid chun postálacha scríobh ar an ardán?
Féadfaidh tú ceann ar bith de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a roghnú agus postálacha á scríobh agat. Tá na roghanna maidir leis an teanga bhrabhsála le fáil sa roghchlár anuas sa chúinne ar dheis ar bharr an tsuímh gréasáin.
A bhuí le haistriúchán uathoibríoch, beidh do phostáil ar fáil freisin i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.
An féidir liom postáil a scríobh i dteangacha éagsúla? Má tá níos mó ná teanga amháin agam, an gá dom cloí le haon teanga amháin agus mé ag scríobh ar an ardán?
Iarraimid ort do phostálacha a scríobh sa teanga bhrabhsála agus gan teangacha éagsúla a mheascadh le chéile in aon phostáil amháin. Cinnteoidh sé sin gur féidir do phostáil a aistriú go teangacha oifigiúla eile an Aontais tríd an aistriúchán uathoibríoch agus go dtuigfidh gach úsáideoir eile í.
Más mian leat teanga eile a úsáid, athraigh do theanga bhrabhsála ar dtús.
Cén fáth nach ndearnadh aistriúchán maith ar mo phostáil?
Is le eTranslation, uirlis mheaisínaistriúcháin a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil, a ghintear na haistriúcháin ar an ardán. Féadfaidh an meaisínaistriúchán léargas bunúsach a thabhairt duit ar an ábhar i dteanga a thuigeann tú. Déantar go lán-uathoibríoch é agus níl aon bhaint ag an duine lena gcuirtear ar fáil. Is féidir cáilíocht agus cruinneas an aistriúcháin uathoibríoch a bheith an-éagsúil ó théacs go chéile agus ó phéirí teangacha go chéile. Ní ráthaíonn an Coimisiún Eorpach cruinneas an aistriúcháin agus ní ghlacann sé aon dliteanas as earráidí a d’fhéadfadh a bheith ann. D’fhéadfadh sé nach n-aistreofaí roinnt den ábhar (cuir i gcás íomhánna, físeáin agus comhaid) de bharr na dteorainneacha teicniúla atá le feidhmíocht an chórais.
Smaointe a phostáil agus a phlé
Conas is féidir liom smaoineamh a chruthú?
Ar an gcéad dul síos, ní mór duit logáil isteach san Ardán le do chuntas. Mura bhfuil cuntas agat, lean an próiseas clárúcháin thuasluaite le do thoil. Nuair a bhaineann tú amach liosta na smaointe a bhaineann leis an ábhar atá i gceist, is féidir leat do smaoineamh féin a chur leis an liosta sin trí chliceáil ar an gcnaipe “Smaoineamh nua +”.
Is féidir leat teideal do smaoinimh a scríobh i 150 carachtar agus cur síos a dhéanamh ar an inneachar féin i 1500 carachtar ar a mhéad.
Tá céim chomparáide ann a léiríonn smaointe eile atá ann cheana a d’fhéadfadh a bheith cosúil le do chuid smaointe féin:
- Is féidir leat tacú leo ansin agus iad a bhrabhsáil trí chliceáil ar an teideal;
- má cheapann tú go bhfuil smaoineamh difriúil agatsa, is féidir leat leanúint ar aghaidh chun é a fhoilsiú trí chliceáil ar an gcnaipe “Smaoineamh úrnua atá agam”.
Beidh 30 nóiméad agat an smaoineamh a athrú tar éis duit é a chur isteach.
Cad ba cheart dom a chur san áireamh i mo smaoineamh?
Ba cheart do chuid tuairimí a bheith léirithe ar bhealach measúil neamhshrianta sna smaointe ar an ardán. Is féidir leat léamh faoi gach ábhar ar an ardán chun a fháil amach cad atá ar siúl cheana féin ag an Aontas i réimse áirithe. Ba cheart moladh nithiúil a bheith mar chuid de do smaoineamh. Mura bhfuil ach tráchtanna ginearálta nó nasc i smaoineamh faoi leith, féadfaidh an Fhoireann Modhnóireachta an smaoineamh sin a chur i bhfolach.
Cad a tharlóidh do mo smaoineamh tar éis dom é a phostáil?
Nuair a bheidh do smaoineamh foilsithe, beidh úsáideoirí eile in ann trácht a dhéanamh air agus tacú leis. Beidh an smaoineamh le feiceáil ar chlár na smaointe don ábhar lena mbaineann agus i dtorthaí na gcuardach a dhéanann úsáideoirí, ag brath ar na critéir chuardaigh a d’úsáid siad. Féach freisin: Conas a dhéanfar anailís ar na postálacha?
Cad a tharlaíonn má théann mo smaoineamh thar an 1500 carachtar atá ceadaithe? An féidir liom é a roinnt ina smaointe éagsúla?
Ní féidir níos mó ná 1500 carachtar a úsáid i réimse an smaoinimh. I gcás smaoineamh níos casta, is féidir leat é bhriseadh síos ina smaointe ar leith.
An féidir liom comhad pdf a chur leis chun mo smaoineamh a mhíniú? An féidir liom nasc a chur le mo phostáil?
Ní féidir comhaid PDF a chur le smaoineamh mar nach féidir iad a aistriú agus a anailísiú go huathoibríoch. Ach is féidir leat naisc a chur leis chun eolas cúlra níos leithne a chur ar fáil do na húsáideoirí eile. Tabhair faoi deara nach ndéanfar anailís ar leathanaigh ghréasáin sheachtracha ag deireadh na Comhdhála agus gur gá na naisc sheachtracha a bheith nasctha le foinsí iontaofa. Ní cheadaítear naisc chuig suíomhanna atá dírithe ar airgead a dhéanamh, mar shampla táirge a dhíol.
An féidir liom an smaoineamh céanna a phostáil i gcatagóirí éagsúla?
Iarraimid ort do smaoineamh a phostáil in aon chatagóir amháin. Fágfaidh sé sin go mbeidh plé níos tairbhí ann agus nach mbeidh mearbhall ar aon duine. Má mheasann tú go bhféadfadh do phostáil a bheith oiriúnach do chatagóirí éagsúla, roghnaigh an chatagóir is mó lena mbaineann an smaoineamh.
An féidir liom smaoineamh a sheoladh isteach trí ríomhphost?
Ní ghlactar le postálacha trí ríomhphost agus ní chuirfear san áireamh iad le linn phróiseas anailíse na Comhdhála.
Ní féidir liom teacht ar smaoineamh a chruthaigh mé. Conas is féidir liom é a aimsiú?
Is é an bealach is tapúla le do chuid smaointe a aimsiú ná an cúrsóir a chur thar ‘Logáilte isteach’ agus ‘Mo phróifíl phoiblí’ a roghnú. Bíonn do chuid postálacha le feiceáil san fho-roghchlár ‘Mo ghníomhaíocht’.
Rinne mé botún nuair a bhí smaoineamh á chruthú agam / nóta tráchta á chur isteach agam, an féidir liom é a chur in eagar nó a scriosadh?
I láthair na huaire, ar chúiseanna trédhearcachta agus cuntasachta, ní féidir smaoineamh a chur in eagar ar an ardán níos mó ná 30 nóiméad tar éis duit é a phostáil. Luaitear sin ar an ardán agus tú ag uaslódáil do phostála. Ar an gcaoi chéanna, ní féidir nótaí tráchta a chur in eagar tar éis iad a fhoilsiú ar an ardán.
Más mian leat smaoineamh a choinneáil ach é a cheartú, is féidir leat soiléiriú a thabhairt i rannán na nótaí tráchta. Más i nóta tráchta atá an botún déanta agat, is féidir leat é a shoiléiriú sa snáithe nótaí tráchta céanna.
Is féidir freisin smaoineamh a tharraingt siar. Ciallaíonn sin go mbeidh an smaoineamh fós le feiceáil ar an ardán ach go dtaispeánfar é agus lipéad curtha leis a thabharfaidh le fios gur tarraingíodh siar é.
Más mian leat do smaoineamh a chur i bhfolach go buan ón ardán, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Modhnóireachta.
Cad a chiallaíonn ‘tacú le smaoineamh’?
Nuair a thacaíonn tú le smaoineamh, tá tú ag cur in iúl go bhfuil tú ar aon intinn le húsáideoir eile i dtaca leis an gceist atá faoi thrácht. Tá sé cosúil le ‘is maith liom’ a thabhairt do phostáil ar ardáin eile de chuid na meán sóisialta agus cuidíonn sé chun a chur in iúl go bhfuil rannpháirtithe fabhrach i gcoitinne do smaoineamh áirithe, gan aon léiriú a thabhairt go bhfuil daoine ina choinne. Dá bhrí sin, ní chuirtear in iúl le líon na léirithe tacaíochta an tacaíocht fhoriomlán atá ag smaoineamh ar leith ach cuirfear san áireamh é, mar aon le gnéithe go leor eile, san anailís a dhéanfar níos déanaí ar phostálacha an ardáin.
Cad is brí le smaoineamh a ‘leanúint’?
Nuair a dhéanann tú smaoineamh a ‘leanúint’, ciallaíonn sé sin go bhfaighidh tú fógraí nuair a chuirfear nótaí tráchta nua leis an bpostáil ar leith atá á leanúint agat.
Imeachtaí a chur ar bun agus páirt a ghlacadh iontu
Conas is féidir liom páirt a ghlacadh in imeacht?
Tá liosta d’imeachtaí atá ar na bacáin a bhaineann leis an gComhdháil le fáil ar an ardán. Is féidir leat teacht ar an liosta iomlán imeachtaí ó leathanach baile an ardáin. Is féidir cuardach mionsonraithe a dhéanamh ar leathanaigh atá dírithe ar ábhair éagsúla. Is féidir leat imeachtaí a chuardach ar léarscáil na n-imeachtaí freisin.
Is féidir eolas faoi gach imeacht a fháil ach cliceáil ar an imeacht a bhfuil spéis agat ann. Chun clárú, ba cheart duit úsáid a bhaint as an gcóras clárúcháin seachtrach atá ag eagraí an imeachta. Mura gcuirtear an t-eolas sin ar fáil, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an eagraí chun tuilleadh sonraí a iarraidh.
Conas is féidir liom imeacht a chur ar bun?
Is féidir breathnú ar an ‘Treoir d’eagraithe imeachtaí’ chun tuilleadh a fhoghlaim faoin dóigh le himeacht a chruthú. Is féidir leat teacht ar an bhfoirm chun imeacht a chruthú ar gach leathanach ábhair.
Cén fáth ar gá dom seoladh a chur le himeacht ar líne?
Ní mór duit seoladh a chur le d’imeacht ar líne ionas go mbeifear in ann é a thaispeáint ar léarscáil na n-imeachtaí. Tá úsáideoirí ann a dhéanann imeachtaí a bhrabhsáil leis an léarscáil amháin.
Más ar líne atá d’imeacht, is leor cód tíre agus cód poist a thabhairt ionas go mbeidh an t-imeacht á thaispeáint mar is ceart ar an léarscáil den Aontas.
Ní féidir liom teacht ar imeacht a chruthaigh mé. Conas is féidir liom é a aimsiú?
Is féidir teacht ar an méid a chuir tú leis an ardán tríd an gcúrsóir a chur thar ‘Logáilte isteach’ agus ‘Mo phróifíl phoiblí’ a roghnú. Bíonn do chuid imeachtaí le feiceáil san fho-roghchlár ‘Mo ghníomhaíocht’.
Tabhair faoi deara gurb iad na himeachtaí atá ar na bacáin, agus iad sin amháin, a thaispeántar ar na leathanaigh ‘Imeachtaí’ de réir réamhshocraithe. Má tá d’imeacht ar siúl cheana féin, beidh ort an scagaire ‘Imeachtaí roimhe seo’ a roghnú chun é a aimsiú.
Cén fáth nach féidir liom m’imeacht a fheiceáil ar an léarscáil?
Má tá deacracht agat d’imeacht a aimsiú ar an léarscáil, b’fhéidir go mbeadh ort zúmáil isteach lena fheiceáil. Má bhí d’imeacht ar siúl cheana féin, beidh ort an scagaire ‘Imeachtaí Roimhe Seo’ a roghnú ionas go mbeidh d’imeacht le feiceáil ar an léarscáil.
Más rud é nach féidir leat d’imeacht a fheiceáil go fóill, b’fhéidir gur chuir tú seoladh mícheart isteach nuair a bhí an t-imeacht á chruthú agat. Úsáid an cnaipe ‘Cuir in eagar’ ar leathanach an imeachta féin chun é a cheartú. Tabhair do d’aire gur cheart cód poist agus tír ar a laghad a bheith luaite sa seoladh.
An féidir eolas a fháil roimh ré faoi líon na rannpháirtithe a bheidh ag freastal ar imeacht?
Níl eolas faoi rannpháirtithe na n-imeachtaí ar fáil ar an ardán toisc go ndéantar an clárú ar suíomhanna gréasáin sheachtracha. Is féidir le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh le heagraí an imeachta chun an t-eolas sin a fháil.
Ba mhaith liom an t-eolas a bhaineann le m’imeacht a nuashonrú, an féidir liom é a chur in eagar?
Is féidir leat an t-imeacht a chur in eagar am ar bith ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Cuir in eagar’ ar leathanach an imeachta.
Cuireadh m’imeacht ar ceal. An féidir liom é a scriosadh?
Má cuireadh d’imeacht ar ceal, nuashonraigh teideal an imeachta chun an t-athrú sin a léiriú ionas go mbeidh na húsáideoirí leasmhara ar an eolas. Mar shampla, athainmnigh an t-imeacht: ‘IMEACHT CURTHA AR CEAL’.
Más gá duit d’imeacht a scriosadh, is féidir leat é sin a chur in iúl don Fhoireann Modhnóireachta a bheidh in ann cabhrú leat sin a dhéanamh.
Conas is féidir liom imeacht a dhúnadh? Cén fáth ar cheart dom tuairisc ar an imeacht a chur ar fáil?
Is féidir imeacht a dhúnadh ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Dún’ ar thaobh na láimhe deise ar leathanach an imeachta. Iarrfar ort ansin tuairisc a scríobh ar an imeacht agus smaointe gaolmhara ar an ardán a nascadh chuig d’imeacht.
Gheobhaidh tú freisin fógra ón bhFoireann Modhnóireachta nuair a bheidh dáta an imeachta istigh, chun a chur i gcuimhne duit an tuairisc ar an imeacht a roinnt.
Trí thuairisc ar an imeacht a roinnt cinntítear go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar na smaointe a malartaíodh ag d’imeacht agus go mbeifear in ann na smaointe sin a chur san áireamh san anailís, rud a fhágann gur féidir aiseolas ceart a thabhairt agus obair leantach a dhéanamh. Tá sé ríthábhachtach tuairisc ar an imeacht a chruthú chun go mbeidh an Chomhdháil éifeachtach.
Cad ba cheart dom a chur san áireamh sa tuairisc ar an imeacht?
Sa tuairisc ar an imeacht, bheadh sé úsáideach faisnéis a chur san áireamh maidir leis an gcineál imeachta a bhí ann (e.g. ceardlann rannpháirtíochta, spás oscailte, World Café), líon na rannpháirtithe agus a gcúlra déimeagrafach (e.g. aois, inscne), na príomhábhair a pléadh agus na smaointe a moladh, na hargóintí as ar eascair na smaointe, chomh maith leis an atmaisféar ginearálta agus an obair leantach a bhfuiltear ag súil léi. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach ar an ‘Treoir d’eagraithe imeachtaí’.
Níl aon teorainn le líon na gcarachtar is féidir a úsáid sa tuairisc ar an imeacht. Tabhair do d’aire nach féidir an tuairisc a chur in eagar tar éis duit í a fhoilsiú, ar chúiseanna anailíse.
Ina theannta sin, smaointe a tháinig chun cinn le linn an phlé agus a foilsíodh ar an ardán cheana féin, is féidir iad a nascadh leis an imeacht. Molaimid duit é sin a dhéanamh.
An Beartas Modhnóireachta
Cén fáth a ndéantar an t-ardán a mhodhnú?
Déantar ardán na Comhdhála a mhodhnú chun a chinntiú go n-úsáidtear é chun na críche dar ceapadh é agus chun a chinntiú gur spás é ina mbraitheann saoránaigh ó gach cúlra, ó gach cearn den saol agus ó gach cearn den Aontas Eorpach ar a gcompord agus inar féidir leo cur leis an díospóireacht faoinár dtodhchaí choiteann.
Ní mór do gach úsáideoir ar mian leo postáil ar an ardán cloí le Cairt na Comhdhála agus leis na Rialacha Rannpháirtíochta. Déantar modhnóireacht ar bhonn na rialacha sin.
Cé atá freagrach as an modhnóireacht agus conas a dhéantar é?
Tá an t-ardán á stiúradh ag Foireann Modhnóireachta atá ag obair faoi mhaoirseacht na Comhrúnaíochta thar ceann Bhord Feidhmiúcháin na Comhdhála.
Déanann an fhoireann athbhreithniú ar ábhar ar an ardán tar éis é a bheith postáilte. Ní dhéantar aon mhodhnóireacht roimh ré.
Má chinneann an Fhoireann Modhnóireachta go sáraíonn postáil Cairt na Comhdhála nó na Rialacha Rannpháirtíochta, d'fhéadfadh an Fhoireann í a chur i bhfolach láithreach nó iarraidh ar an údar soiléiriú nó coigeartuithe a dhéanamh ar an bpostáil. Nuair a chuirtear postáil i bhfolach, gheobhaidh na húsáideoirí teachtaireacht ón bhFoireann Modhnóireachta ina mínítear an chúis leis sin. Más gá tuilleadh plé a dhéanamh faoi aon chás ar leith, cuireann an Fhoireann Modhnóireachta an cás sin faoi bhráid na Comhrúnaíochta.
Is féidir le húsáideoirí ábhar a mheasann siad a bheith míchuí a thuairisciú don Fhoireann Modhnóireachta freisin. Féach Conas is féidir liom ábhar míchuí a thuairisciú?
Cén fáth ar chuir an Fhoireann Modhnóireachta mo phostáil i bhfolach? Nach bhfuil sibh i bhfabhar na saoirse cainte?
Cuirfear i bhfolach aon phostáil nach gcloíonn le Cairt na Comhdhála agus leis na Rialacha Rannpháirtíochta. Is é is aidhm do na rialacha sin a chinntiú gur spás sábháilte é an ardán i gcónaí, áit a mothaíonn gach duine go bhfuil meas air agus gur féidir leis cur leis an díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa. Ní chuireann na rialacha bac ort ar bhealach ar bith do chuid tuairimí a roinnt ná ní sháraíonn siad do shaoirse cainte.
Iarraimid ort gáirsiúlacht agus cineálacha eile maslaí a sheachaint (tá cosc ar chiníochas, seineafóibe, gríosú chun foréigin, idirdhealú atá bunaithe ar reiligiún, bunús eitneach, inscne, aois, teanga, agus teachtaireachtaí gríosaitheacha...). Ní féidir linn glacadh le fógraí ná le nótaí tráchta féinbholscaireachta, mar shampla ábhar faoi do ghnó, leabhar, blag nó suíomh gréasáin féin. Baineann sé sin freisin le feachtasaíocht pholaitiúil ar an leibhéal náisiúnta. Tagairtí don Fhaisisteachas/Naitsíochas agus don Chumannachas/Stailíneachas lasmuigh den chomhthéacs stairiúil inar tharla siad, cuirfear i bhfolach iad.
Tá an Fhoireann Modhnóireachta tiomanta don trédhearcacht agus is féidir léi míniú mionsonraithe a thabhairt ar an bhfáth ar cuireadh do phostáil i bhfolach. Féach freisin Cad is féidir liom a dhéanamh mura n-aontaím leis an bhFoireann Modhnóireachta, an féidir liom cur i gcoinne an chinnidh?
Cad is féidir liom a dhéanamh mura n-aontaím leis an bhFoireann Modhnóireachta, an féidir liom cur i gcoinne an chinnidh?
Mura n-aontaíonn tú le cinneadh a rinneadh faoi do phostáil, is féidir leat teachtaireacht a chur chuig an bhFoireann Modhnóireachta agus do dhearcadh a mhíniú. I gcás easaontais, cuirfidh an Fhoireann Modhnóireachta an cheist faoi bhráid na Comhrúnaíochta. Aon ábhar is mian leat a chur chuig an bhFoireann Modhnóireachta, iarraimid ort gan é a phostáil mar smaointe nó nótaí tráchta ar an Ardán. Ní chuige sin atá an spás seo agus cuirfimid i bhfolach iad.
Conas is féidir liom ábhar míchuí a thuairisciú?
Postáil a mheasann tú a bheith míchuí, is féidir leat sin a thuairisciú don Fhoireann Modhnóireachta trí chliceáil ar an mbratach in aice le hainm an úsáideora a phostáil í agus míniú a thabhairt ar an gcúis ar thuairiscigh tú an t-úsáideoir sin.
Déanfaidh an Fhoireann Modhnóireachta athbhreithniú ar do ghearán ar bhonn na Cairte Comhdhála agus na Rialacha Rannpháirtíochta.
Thuairiscigh mé postáil ach tá sí fós ar an ardán, cén fáth?
Go raibh maith agat as muid a chur ar an eolas faoi ábhar a mheasann tú a bheith míchuí. Déanann an Fhoireann Modhnóireachta, agus nuair is gá, an Chomhrúnaíocht, athbhreithniú ar gach rud a thuairiscíonn úsáideoirí chun a mheas an gcomhlíonann sé an Chairt Chomhdhála agus na Rialacha Rannpháirtíochta. Mura measann an Fhoireann Modhnóireachta gur sáraíodh na rialacha seo, ní bhainfear an phostáil. Má tá tú fós go láidir den tuairim gur cheart an phostáil a chur i bhfolach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Modhnóireachta. Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhféadfadh sé go dtógfadh sé tamall an t-ábhar a tuairiscíodh a phróiseáil, agus gur cheart duit fanacht 48 uair an chloig ar a laghad sula ndéanfaidh tú teagmháil leis an bhfoireann.
Cad iad na cúinsí inar féidir bac a chur ar úsáideoir ó ardán na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa?
Cuirfear bac ar úsáideoir ón ardán tar éis dó Cairt na Comhdhála agus na Rialacha Rannpháirtíochta a shárú go minic. Ní tharlaíonn sin ach go fíorannamh, agus ní chuireann an Fhoireann Modhnóireachta bac ar úsáideoir ach amháin i gcás mí-úsáid thromchúiseach a dhéantar arís agus arís eile ar an ardán, agus tar éis dhá rabhadh a thabhairt don úsáideoir. Is féidir le húsáideoirí a iarraidh go dtabharfaí cead isteach an athuair dóibh má gheallann siad go gcloífidh siad leis an gCairt agus leis na Rialacha Rannpháirtíochta.
Cén fáth ar féidir liom postálacha ó úsáideoir ar cuireadh bac air a fheiceáil?
Má tá bac curtha ar úsáideoir, beidh an méid a phostáil sé roimhe seo nach sáraíonn Cairt na Comhdhála agus/nó na Rialacha Rannpháirtíochta go fóill le feiceáil ar an ardán. Má fheiceann tú postáil ó úsáideoir a bhfuil cosc air, agus má mheasann tú an phostáil sin a bheith míchuí, is féidir leat í a thuairisciú don Fhoireann Modhnóireachta lena hathbhreithniú.
Conas is féidir liom dul i dteagmháil leis an bhFoireann Modhnóireachta?
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Modhnóireachta anseo.
Ceisteanna ginearálta maidir leis an ardán
Conas is féidir liom rochtain a fháil ar mo phróifíl phearsanta?
Chun breathnú ar shonraí do chuntais, ba cheart duit an cúrsóir a chur thar ‘Logáilte isteach’ sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar bharr gach leathanaigh den ardán. Sa roghchlár a thiocfaidh anuas, cliceáil ar ‘Socruithe mo chuntais’ chun tuilleadh eolais a fháil faoi do shonraí pearsanta agus cliceáil ar ‘Mo phróifíl phoiblí’ chun forléargas a fháil ar do ghníomhaíocht ar an ardán.
Ba mhaith liom fógraí ríomhphoist a dhíghníomhachtú. Conas is féidir liom é sin a dhéanamh?
Is féidir leat socruithe na bhfógraí a nuashonrú ach an cúrsóir a chur thar ‘Logáilte isteach’ agus ‘Socruithe mo chuntais’ a roghnú. San fho-roghchlár ‘Mo chuid fógraí’ is féidir leat na fógraí a dhíghníomhachtú nó na cineálacha fógraí is mian leat a fháil a roghnú.
Nuair atá ábhar ar leith á leanúint agat, agus nuair a roghnaíonn tú fógraí a fháil faoi gach rud a leanann tú, gheobhaidh tú fógraí gach uair a chuirtear smaointe agus imeachtaí nua leis an ábhar áirithe sin. Má sheoltar an iomarca fógraí chugat dá bharr, is féidir leat smaointe nó imeachtaí aonair a bhfuil spéis agat iontu a leanúint ina ionad, ionas go gcuirfear in iúl duit nuair a chuirfear nótaí tráchta leis na postálacha áirithe sin.
Cá bhfaighidh mé an nasc chun comhaid sonraí oscailte a íoslódáil ó ardán na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa?
Tá na sonraí sin ar fáil go poiblí chun rannpháirtíocht na saoránach sa saol polaitiúil agus sóisialta a chothú agus chun trédhearcacht an rialtais a mhéadú d’fhonn rochtain ar fhaisnéis ón earnáil phoiblí agus athúsáid na faisnéise sin a éascú. Tá tuilleadh eolais faoi bheartais sonraí oscailte an Choimisiúin Eorpaigh le fáil anseo.
- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
- Parlaimint na hEorpa
- An Chomhairle Eorpach
- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- An Coimisiún Eorpach
- Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
- an Banc Ceannais Eorpach (BCE)
- Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
- An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)
- Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)
- European Committee of the Regions (CoR)
- An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)
- An tOmbudsman Eorpach
- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
- An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
- An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
- Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
- Gníomhaireachtaí