Cairt na Comhdhála
Cairt le haghaidh saoránaigh agus eagraithe imeachtaí a ghlacann páirt sa
CHOMHDHÁIL AR THODHCHAÍ NA hEORPA
Cuirfidh mé leis an díospóireacht agus leis an bplé ar thosaíochtaí ár dtodhchaí coitinne, in éineacht le saoránaigh ó gach cineál cúlra agus as gach cearn den Aontas Eorpach.
I mo cháil mar rannpháirtí sa Chomhdháil, tugaim gealltanas maidir leis an méid seo a leanas:
- Meas a léiriú ar ár luachanna Eorpacha, mar a leagtar amach iad in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach: dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, ar luachanna iad sin atá ina ndlúthchuid den fhéiniúlacht Eorpach agus ina mbunús leis an gcumarsáid mheasúil idir daoine. Is luachanna iad atá ag gach Ballstát den Aontas Eorpach agus a bhaineann le sochaí ar gá an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir a bheith i réim inti.
- Cuir leis an gComhdháil trí mholtaí praiticiúla fiúntacha a dhéanamh, trí mheas a léiriú ar thuairimí saoránach eile agus trí thodhchaí na hEorpa a thógáil le chéile.
- Gan aon ábhar atá neamhdhleathach, fuafar, bréagach nó míthreorach d’aon ghnó a léiriú, a scaipeadh nó a roinnt. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh mé tagairt i gcónaí d’fhoinsí inchreidte iontaofa nuair a roinnfidh mé ábhar nó eolas chun tacú le mo chuid tuairimí.
- Glacaim páirt sa Chomhdháil de mo thoil féin agus ní dhéanfaidh mé iarracht an Chomhdháil a úsáid ar mhaithe le haon leas tráchtála ná aon leas atá príobháideach go heisiach.
I mo cháil mar pháirtí a eagraíonn imeachtaí faoi scáth na Comhdhála,
Tugaim gealltanas maidir leis an méid seo a leanas:
- Na saoránaigh a chur i lár gach imeachta agus ligean dóibh a mbarúlacha a chur in iúl gan srian.
- Imeachtaí a chur chun cinn atá ionchuimsitheach agus inrochtana ag gach saoránach, lena n-áirítear trí shonraí gach imeachta a fhoilsiú ar ardán digiteach ilteangach na Comhdhála
- Meas a léiriú ar na prionsabail a leagtar amach sa Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus deimhin a dhéanamh de go mbeidh saoránaigh in ann plé a dhéanamh ar na hábhair is cás leo.
- An éagsúlacht a chothú sna díospóireachtaí trí rannpháirtíocht na saoránach ó gach cúlra a spreagadh, beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, cúlra socheacnamaíoch, creideamh agus/nó leibhéal oideachais.
- Meas a léiriú ar an tsaoirse cainte trí ardán a thabhairt do thuairimí agus do mholtaí a thagann salach ar a chéile – fad agus nach fuafar neamhdhleathach iad.
- Tús áite a thabhairt do rannpháirtíocht leathan na saoránach agus d’úsáid teangacha éagsúla de chuid an Aontais ag na himeachtaí, nuair is féidir agus is ábhartha.
- Trédhearcacht iomlán a dhearbhú. Tar éis gach imeachta, tabharfaidh mé tuairisc ionraic ar na díospóireachtaí agus na moltaí a dhéanfaidh na saoránaigh ar ardán digiteach ilteangach na Comhdhála. Déanfaidh mé na himeachtaí a shruthú agus/nó a chraoladh, más féidir.
- Aon eolas a thabharfar do shaoránaigh faoin ábhar díospóireachta (e.g. ábhar digiteach, cló nó closamhairc), cinnte a dhéanamh de go mbeidh sé cruinn, iontaofa agus inrochtana, agus go mbeidh tagairtí ann is féidir a rianú.
- Cinnte a dhéanamh de chomhlíonadh rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas.
- Úsáid a bhaint as sainaitheantas físeach údaraithe na Comhdhála, agus as sin amháin, chun an t-imeacht a phoibliú.
Saoránaigh agus eagraíochtaí comhpháirtíochta ar mian leo páirt ghníomhach a ghlacadh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, cloídís leis an gCairt seo. Forchoimeádann na hInstitiúidí Eorpacha an ceart chun inneachar a bhaint den ardán má fhaightear go bhfuil sé de shárú ar an bhféinghealltanas seo, chomh maith leis an gceart úsáid shainaitheantas físeach na Comhdhála a chosc nó a tharraingt siar ó dhuine aonair nó ó eagraíocht atá de shárú ar phrionsabail na Comhdhála.
Is féidir leat an leagan PDF den doiciméad seo a íoslódáil anseo.
An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
Déan teagmháil leis an Aontas Eorpach
- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Cuntas sna meáin shóisialta a aimsiú
Institiúidí an Aontais Eorpaigh
Search for EU institutions
- Parlaimint na hEorpa
- An Chomhairle Eorpach
- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- An Coimisiún Eorpach
- Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
- an Banc Ceannais Eorpach (BCE)
- Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
- An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)
- Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)
- European Committee of the Regions (CoR)
- An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)
- An tOmbudsman Eorpach
- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
- An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
- An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
- Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
- Gníomhaireachtaí