Cad é an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa?
- Cad é an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa?
- Conas is féidir liom a bheith páirteach?
- Conas is féidir liom imeacht a eagrú?
- Rialacha Rannpháirtíochta
- An Bord Feidhmiúcháin
- Painéal Saoránach Eorpach
- Painéil agus imeachtaí náisiúnta
- Seisiún Iomlánach na Comhdhála
- Meithleacha Sheisiún Iomlán na Comhdhála
- Ábhar faisnéise
- Tuairisciú
- Treoracha
- Document Directory
- COFE Datathon
Deis thráthúil ar leith do shaoránaigh na hEorpa atá sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun dúshláin agus tosaíochtaí na hEorpa a chur faoi chaibidil. Is cuma cad as duit nó cad a dhéanann tú, is anseo is féidir leat do mhachnamh a dhéanamh ar a bhfuil uait amach anseo don Aontas.
Tá gealltanas tugtha ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún Eorpach éisteacht le muintir na hEorpa agus oibriú, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí, ar na moltaí a dhéantar.
Meastar go dtiocfaidh an Chomhdháil ar chonclúidí faoi earrach 2022 agus go dtabharfar treoir maidir le todhchaí na hEorpa.
Cé atá in ann páirt a ghlacadh sa Chomhdháil?
Saoránaigh Eorpacha ó gach uile chúlra agus ó gach cearn den Aontas agus beidh ról lárnach ag daoine óga maidir le todhchaí an tionscadail Eorpaigh a mhúnlú.
Údaráis Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí eile ar mian leo imeachtaí a eagrú agus smaointe a roinnt.
Urramóidh gach rannpháirtí na luachanna atá leagtha síos i gCairt na Comhdhála.
Cad iad na gnéithe éagsúla den Chomhdháil?
- An t-ardán digiteach ilteangach – an áit ar féidir le saoránaigh a smaointe a roinnt agus aighneachtaí a sheoladh isteach ar líne. Déantar iad a bhailiú agus a anailísiú, déantar faireachán orthu agus foilsítear iad le linn na Comhdhála;
- Imeachtaí díláraithe – imeachtaí ar líne, imeachtaí ar an láthair agus imeachtaí hibrideacha a reáchtálann daoine agus eagraíochtaí chomh maith le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ar fud na hEorpa;
- Painéil saoránach Eorpach – déantar ábhair éagsúla a phlé iontu agus na moltaí uathu a chur ar aghaidh; tá siad ionadaíoch ó thaobh tionscnamh geografach, inscne, aoise, cúlra socheacnamaíoch agus/nó leibhéal oideachais de;
- Cruinnithe iomlánacha na Comhdhála –déanann sé cinnte de go ndéantar plé ar na moltaí ó na painéil saoránach náisiúnta agus Eorpach, a rangaítear de réir téama, gan toradh réamhchinntithe a bheith ann.
Cé atá i gceannas ar an gComhdháil?
Is faoi údarás na dtrí institiúid a chuirtear an Chomhdháil, a ndéanann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin, ag gníomhú dóibh mar Uachtaránacht Chomhpháirteach na Comhdhála, ionadaíocht dóibh.
Tá Bord Feidhmiúcháin ann a thacaíonn leis an Uachtaránacht Chomhpháirteach agus a bhfuil na trí institiúid de chuid an Aontais ina gcomhchathaoirligh air (Guy Verhofstadt, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, Clément Beaune, Státrúnaí um Ghnóthaí Eorpacha le haghaidh Uachtaránacht na Fraince ar an gComhairle agus Dubravka Šuica, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar an Daonlathas agus ar an Déimeagrafaíocht).
Tá Comhrúnaíocht ann a chuidíonn le hobair an Bhoird Feidhmiúcháin, Comhrúnaíocht a bhfuil méid theoranta inti agus a bhfuil oifigigh inti a dhéanann ionadaíocht chomhionann do na trí institiúid.
Cén toradh a bheidh ar an gComhdháil?
Cuirfear toradh deiridh na Comhdhála i láthair i dtuarascáil don Chomh-Uachtaránacht. Scrúdóidh na trí institiúid go tapa conas leanúint leis an tuarascáil seo go héifeachtach, gach ceann acu laistigh dá réimse inniúlachtaí féin agus de réir na gConarthaí.
Cad is ról don ardán digiteach seo?
Is é an t-ardán digiteach mol na Comhdhála: is é do bhealach é chun páirt a ghlacadh sa Chomhdháil agus chun do thuairimí a chur in iúl. Féadfaidh tú do thuairimí faoin Eoraip agus na hathruithe a theastaíonn a roinnt anseo, feicfidh tú cad tá le rá ag daoine eile, féadfaidh tú imeachtaí gar duit a aimsiú, d’imeacht féin a eagrú agus dul chun cinn agus toradh na Comhdhála a leanúint.
Conas a bhfuil le rá agat a rá?
Is furasta é a dhéanamh. Déan do rogha as raon cuimsitheach ábhar agus cuir do thuairim faoi bhráid na Comhdhála. Déanfar do thuairimí a bhailiú agus a anailísiú, déanfar monatóireacht orthu agus foilseofar iad ar an ardán le linn na Comhdhála. Tiocfaidh an méid sin isteach sna pléití atá ar siúl sna Painéil Saoránach Eorpach agus sna Cruinnithe Iomlánacha. Cuirfear toradh deiridh na Comhdhála i láthair i dtuarascáil chuig an Uachtaránacht Chomhpháirteach. Scrúdóidh na trí institiúid gan mhoill conas is féidir obair leantach éifeachtach a dhéanamh i ndáil leis an tuarascáil sin, laistigh dá réimse inniúlachtaí féin agus i gcomhréir leis na Conarthaí.
Féach freisin: Conas is féidir liom páirt a ghlacadh?
Ní fiú faic an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa gan tú a bheith páirteach inti – gan tú ar an ardán. Is tusa an todhchaí.
Nocht do chuid tuairimí.
Doiciméid ghaolmhara
Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
Rialacha Nós Imeachta na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa
- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
- Parlaimint na hEorpa
- An Chomhairle Eorpach
- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- An Coimisiún Eorpach
- Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
- an Banc Ceannais Eorpach (BCE)
- Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
- An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)
- Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)
- European Committee of the Regions (CoR)
- An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)
- An tOmbudsman Eorpach
- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
- An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
- An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
- Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
- Gníomhaireachtaí