An Chomhdháil
Cad é an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa?
Cad é an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa?
An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – cad é féin?
Deis thráthúil ar leith do shaoránaigh na hEorpa atá sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun dúshláin agus tosaíochtaí na hEorpa a chur faoi chaibidil. Is cuma cad as a dtagann tú nó cad a dhéanann tú, is anseo a fhéadfaidh tú do mhachnamh a dhéanamh ar a bhfuil uait amach anseo don Aontas.
Tá gealltanas tugtha ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún Eorpach éisteacht le muintir na hEorpa agus oibriú, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí, ar na moltaí a dhéantar.
Faoi earrach 2022, meastar go dtiocfaidh an Chomhdháil ar chonclúidí agus go dtabharfar treoir maidir le todhchaí na hEorpa.
Cé a fhéadfaidh páirt a ghlacadh inti?
Saoránaigh Eorpacha ó gach uile chúlra agus ó gach cearn den Aontas agus beidh ról lárnach ag daoine óga maidir le todhchaí an tionscadail Eorpaigh a mhúnlú.
Údaráis Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí eile ar mian leo imeachtaí a eagrú agus smaointe a roinnt.
Urramóidh na rannpháirtithe uile na luachanna atá leagtha síos inár gCairt um Prionsabail.
Cad iad na gnéithe éagsúla den Chomhdháil?
- An t-ardán digiteach ilteangach – an áit ina bhféadfaidh saoránaigh a smaointe a roinnt agus aighneachtaí a sheoladh ar líne. Déanfar iad a bhailiú agus a anailísiú, déanfar faireachán orthu agus foilseofar iad le linn na Comhdhála;
- Imeachtaí díláraithe – imeachtaí ar líne, an duine féin féin ag imeachtaí* agus imeachtaí hibrideacha arna reáchtáil ag daoine agus eagraíochtaí chomh maith le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ar fud na hEorpa;
- Painéil saoránach Eorpach – déanfar ábhair éagsúla a phlé agus na moltaí uathu a chur ar aghaidh; beidh siad ionadaíoch ó thaobh tionscnamh geografach, inscne, aoise, cúlra socheacnamaíoch agus/nó leibhéal oideachais;
- Cruinnithe iomlánacha na Comhdhála, – cinnteofar go ndéanfar plé ar na moltaí ó phainéil saoránach náisiúnta agus Eorpach, a rangófar de réir téama, gan toradh réamhchinntithe a bheith ann agus gan an raon feidhme a theorannú do réimsí beartais réamhshainithe. Ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún Eorpach, chomh maith le hionadaithe ó na parlaimintí náisiúnta uile a bheidh i gcruinniú iomlánach na Comhdhála agus iad ar comhchéim leis na saoránaigh. Déanfar ionadaíocht ar Choiste na Réigiún agus ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar an tsochaí shibhialta chomh maith. Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála comhlachaithe nuair a bheidh ról idirnáisiúnta an Aontais á phlé. Féadfar cuireadh a thabhairt d'ionadaithe de chuid na bpríomh-gheallsealbhóirí. Dréachtóidh agus foilseoidh an Bord Feidhmiúcháin na conclúidí ó chruinniú iomlánach na Comhdhála.
Cad is ról don ardán digiteach seo?
Is é an t-ardán digiteach mol na Comhdhála: is é do bhealach chun páirt a ghlacadh agus labhairt amach ag an gComhdháil. Féadfaidh tú do thuairimí faoin Eoraip agus na hathruithe a theastaíonn a roinnt anseo, feicfidh tú cad tá le rá ag daoine eile, féadfaidh tú imeachtaí gar duit a aimsiú, d'imeacht féin a eagrú agus dul chun cinn agus toradh na Comhdhála a leanúint.
Conas a bhfuil le rá agat a rá?
Is furasta é a dhéanamh. Déan do rogha as raon cuimsitheach ábhar agus cuir do thuairim faoi bhráid na Comhdhála. Déanfar do thuairimí a bhailiú agus a anailísiú, déanfar faireachán orthu agus foilseofar iad ar an ardán le linn na Comhdhála. Tiocfaidh siad isteach sna pléití atá ar siúl sna painéil saoránach Eorpach agus sna cruinnithe iomlánacha. Cinnteofar le sásra aiseolais go dtiocfaidh moltaí nithiúla le haghaidh gníomhaíocht ón Aontas as na tuairimí a chuirfear in iúl le linn na Comhdhála. Cuirfear toradh deiridh na Comhdhála i láthair i dtuarascáil chuig an Uachtaránacht Chomhpháirteach. Scrúdóidh na trí institiúid gan mhoill conas is féidir obair leantach éifeachtach a dhéanamh i ndáil leis an tuarascáil sin, laistigh dá réimse inniúlachtaí féin agus i gcomhréir leis na Conarthaí.
Cé a bheidh ag stiúradh na Comhdhála?
Is faoi údarás na dtrí institiúid a chuirtear an Chomhdháil, a ndéanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin, ag gníomhú dóibh mar Uachtaránacht Chomhpháirteach na Comhdhála, ionadaíocht dóibh.
Faigheann an Uachtaránacht Chomhpháirteach tacaíocht ó Bhord Feidhmiúcháin, a bhfuil na trí institiúid ina gcomhchathaoirligh air (Guy Verhofstadt, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Ghnóthaí an Aontais d'Uachtaránacht na Portaingéile ar an gComhairle**, agus Dubravka Šuica, LeasUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht). Tuairiscíonn sí ar bhonn rialta don Uachtaránacht Chomhpháirteach. Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cinntí a dhéanamh de chomhthoil maidir le hobair na Comhdhála, a próisis agus a himeachtaí, as maoirseacht a dhéanamh ar an gComhdháil de réir mar a bheidh sí ag dul ar aghaidh, agus as cruinnithe iomlánacha na Comhdhála a ullmhú, lena n-áirítear an t-ionchur ó na saoránaigh agus an obair leantach air sin.
Tá Comhrúnaíocht ann, de mhéid theoranta a bhfuil oifigigh inti a dhéanann ionadaíocht chomhionann ar na trí institiúid, a chuidíonn le hobair an Bhoird Feidhmiúcháin.
Ní fiú faic an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa gan tú páirteach inti – gan tú ar an ardán. Is tusa an todhchaí.
Abair amach go gcloisfear thú.
Doiciméid ghaolmhara
Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
* Ag brath ar éabhlóid phaindéim an choróinvíris agus i gcomhréir le haon srianta a bhaineann léi.
** Tiocfaidh na chéad uachtaránachtaí eile ar an gComhairle (an tSlóivéin, an Fhrainc) i gcomharbas ar Uachtaránacht na Portaingéile mar chomhchathaoirligh ar an mBord Feidhmiúcháin.